Tuarascáil Speisialta 84 – Athlastáil Dramhaíola
Foilsithe 05 Samhain 2014
Tá athbhreithniú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar fheidhmiú agus forfheidhmiú an Rialacháin Eorpaigh um Sheoladh Dramhaíola in Éirinn. Leagtar amach sa tuairisc na socruithe riaracháin in Éirinn i ndáil le hathlastáil dramhaíola agus déantar scrúdú ar an gcóras forfheidhmiúcháin dírithe ar sháruithe a bhrath agus pionós a ghearradh ar chiontóirí. Déantar athbhreithniú sa tuairisc chomh maith ar na hiarmhairtí airgeadais a bhaineann le dramhaíl de bhunadh na hÉireann a bheith dumpáilte go neamhdhleathach i dTuaisceart Éireann.